Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
- XML Leathanach 112
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear na gcon leis an bhfear eile nárbh aon cat é ach an Diabhal. Annsan dubhairt sé leis an cat a thabhairt leis an chéad lá eile a bhéadh sé ag dul go dtí an sráid-bhaile agus go mbeadh sé féin agus a sgata con ag an áit chéadna agus go bhfiafróchadh sé dhe cad a bhí sa mhála aige. Dubhairt sé leis a rádh gur ceirthlíní snáth do'n bhfigheadóir a bhí aige. Ar maidin lá ar na mhárach dubhairt an fear leis gcat go raibh sé chun é a bhreith ar an sráid bhaile chun na bróga d'fhághail. Do chuir sé isteach i mála é agus d'imthigh sé leis. Do casadh an fear air agus an scata con aige agus d'fiafruig sé dhe cad a bhí sa mhála. Dubhairt an fear gur cúpla ceirthlíní snáth a bhí aige. Arsa an fear eile "Beidh a fhios agam sar i bhfad. Do thóg sé an mála d'oscail sé an córda agus amach leis an gcat. Ní túisce a bhí an cat amuigh ná as go bráth leis na coin na dhiaidh. Do rugadar ar an gcat mbocht agus nuair a bhí sé ag dul chun bháis dubhairt sé trí uaire. "Nách deas an pheidhre bróg é seo a chuiris á ndéanamh dom. Nuair a tháinig an fear abhaile an odhche sin bhí an cat beag na shuidhe i n-aice na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Donnchadh Buaman
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Ní Scolaoich
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí