Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
- XML Leathanach 148
- XML “An Breach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An "Breach"
Bailighthe ag Pádraig Ó Ríordáin ó Cúl Ruadh.
Bhí fear ann agus is é ainm a bhí air ná Nolan agus do thóg sé an bóthar go dtí an Breach. Bhí sé i seirbhís an tighearna talmhan. Bhí na daoine ag obair ann agus bhíodh ar feadh sé mhí. Bhí caoga fear ag obair ann agus bhíodh fiche capall ag obair ann. Bhí cúig céad púnt chun an bóthar a thógaint go dtí an Breach.
Ní gheibheadh na fir ach réul an duine gach lá agus leath coróinn don fhear go mbeadh capall aige. Nuair a tógadh an droichead do thuit sé arís an oidhche céadna. Bhí an taoide ró-láidir do. Do tógadh an dara uair é ach do leag an taoide arís é. Níor deineadh aon iarracht ar é a thógaint an tríomhadh uair. Bhí file éigin i ngleann agus do chúm sé amhrán mar gheall air, ach bhféidir liom aon chuid de d'fhághail. D'innis mo shean-máthair Máire bean Uí Ríordáin ó Cúl Ruadh é seo dhom.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ríordáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Rua Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Ríordáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Rua Íochtarach, Co. Chiarraí