Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 312
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeulta GrinnAinm an Aithriseóra: Bean Uí Gráda.
A seoladh: Cill na mBreac, Gleann beithe.
A aois: 81 bl.Bhí bean agus a fear chéile in a gcómhnuidhe annso fadó. Bhí airgead go leór acu agus bhíodar an-shaidhbhir ar fad. Bhí pálás bhreagh áluinn acu. Ní raibh aon trioblóid ortha ach cheann amháin ná raibh aon chlann acu.
Bhí a lán seirbhíseac ag obair insan dtig idir buachaillí agus cailíní.
Bhí an bhean go deas agus go h-áluinn, agus do bhí sí an-cheanmhail ar na daoinibh bochta agus ba mhinic a tug sí déirc dóibh.
Aon lá amháin tháinig saghas fiabhrais ar an mnaoí agus bhí sí an-bhreoidhte. Bhí an dochtúir ag tabhairt aire di agus thug sé meidicín di, ach níor dhein sé aon mhaith uirthe.
Fé dheire fuair an bhean bás agus bhí brón ar gach aoinne 'san dtig.
Bhí fáinne breágh áluinn ar mhéir na mná agus do dhein a fear-chéile dearmhad chun é do baint. Sar a chuireadh í chonnaic duine des na seirbhíseacaibh an fháinne ach níor labhair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Súilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chora, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Gráda
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 81
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí