Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 331
- XML “Pósaithe”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rinnceann an captaon leis an gcailín óg. Ansan téigheann siad abhaile arís. Deireann na sean daoine. "Pós bean an tsléibhe agus beidh an sliabh go léir agat."Nóra Ní Ríogbhardáin.
Cill na mBreac,
Gleann Beithe. - Tómhaiseanna Trí cosa ináirde agus dhá cois ar an dtalamh.
Ceann an duine beó i mbéal an duine mharbh:
Corcán ar ceann duine.
Dá cois fada agus ceann gan anam.
An tSlúgh
Do cuadhas isteach i ngort.
Bí tig insan ngort.
Bí cómhra sa tig.
Bí cupán insan cómra.
Bí deoch insan gcupán
Go gcaithfeadh gach aoinne a tógaint. Cad?
An Bás.Ainm an aithriseóra: Mícheál Ó Síoctháin.
A Seoladh: Baile na Cille,Gleann Beithe.
A aois: 64 bl.Siobhán Ní Síochtháin,
Baile na Cille,
Gleann Beithe.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shíochtháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Miceal Ó Síoctháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí