Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 333
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chuirtear isteach i sáspan bainne é agus chuirtear in-aice na teine chun é do beirbhiú.
Nuair a bhíonn sí beirbhthe deintear é sgagad agus óltar an bainne.
An t-eidhneán. Deintear úsáid de'n eidneán chun tinnis cinn agus fadharcán. An gréasán cun gearrtha. Faightear an gréasán agus chuirtear ar an ngeárr é agus stadann an gréasán an fuil. Deintear an rud céadhna le slánlus.
An cupóg cun cloganna na neanntóga do leigheasiú - súghlach na cupóige a fásgtar ar an gcloig.
An nóinín cun tinnis cluaise. Chuirtear an nóinín isteach san gcluais agus leigheasann sé é.
An neantóg chun dathaig. Chuirtear an neantóg ar an áit a mbíonn an dathach agus chuireann an neanntóg cloganna ann agus leigheasann sé an dathach.
An caisearbhán. Ar dtúis pioctar an caisearbhán agus nightear é agus chuirtear ar bogadh san uisge fuar é agus annsan chuirtear in-aice na teine é agus nuair a bhíonn sé beirbhthe tógtar amach as an sáspan é agus chuirtear isteach i mbuidéal é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle A. de Búrca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Drom, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris de Burca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Drom, Co. Chiarraí