Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 340
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgillinge sa tseachtmhain, agus págh deas do beadh é sin an t-am san mar bhí gach rud an shaor. Thiocfaidís thar n-ais arís go dtí an ceud Earrach eile.
Nuair a bhiodh seribhísí ag obair ag na feirmeóirí fadó, ní bhíodh acu cun an dinnéir ach, prátaí, bainne agus gi.
Deinidís staimpí, sin saghas císte déanta le prátaibh.
Seo mar a dheinidís é. Geibhidís píosa stáin - clúdach bosca cocó nó aon rud agus dheinidís é polladh le meanuithe nó le tairnge.
Deinidís na puill go beag flúirseach. Geibhidís prátaí tirim plúire agus sgríbidís isteach i gcorcán, nó i gcilléar go glan iad. Cuiridís an meascaithe san isteach i bpíosa éadach agus d'fásgaidís an t-uisge as. Biodh sé na soladh ansan agus deinidís císte as. Bácáilidís i ngriodal é agus biodh sé go deas sláinteamhail acu. Uaireanta ní bhíodh sé ró geal, ach mar sin féin, bíodh sé go deas ithte le ím nuair a bhíodh sé te. Indiú deineann daoine staimpí níos deise mar bíonn plúr is uachtar acu cun cur leis na prátaí. Deineann daoine cístí insan bparróiste seo le prátaí. Beirbhigheann siad na prátaí agus meascann siad le plúr agus salann agus ím iad.
Bácáileann siad é i gcíste. Bíonn sé go deas ach trom(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Riordáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí