Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 342

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 342

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 342
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    caithtear isteach an sgiolthán sa pholl (L) agus dúntar an poll le drom na rámhainne. Curtar an cré anuas ó na claise ortha. Leathtar aoileach ar na bprátaí.
    Daoine a bhíonn i n-aice na fairrge, cuirtear feamnach ortha cun iad do leasú níos fearr. Nuair a bhíonn na gais ar na bprátaí ó's cionn talmhan, curtar ath cré ortha arís. Ansan leigtear dóibh bheith ag fás. Tugtar conghnamh maith dóibh i rith an tSamhraidh agus deintear na fiadhailí do tharraingt agus nuair deintear na fiadhailí do tharraingt agus nuair a bhíonn na gais cuibhseach mór i mí na Meithimh nó i d'Iúil, deintear iad do "sprayáil" i gcoinnibh an dhuibh.
    Deirtear go dtugann an ceó an dubh ar na prátaíbh. Cuirtear fear bréige in-áirde ar mhaide agus hata agus clóca air cun sgannradh do cur ar na préacánaibh.
    Tagann bláthanna deasa ortha, idir bán, gorm agus corcra, agus is aoibhinn feuchaint ar gort prátaí mar seo. Nuair a feóchainn na bláthanna agus na gais bíonn na prátaí aibidh.
    Baintear ansan iad.
    Cabhairigheann muinntir na tuaithe dá chéile nuair a bhíonn siad ghá mbaint agus ghá gcur.
    Tagann na cailíní agus na buachaillí óga go dtí an páirc lá bainte na bprátaí cun iad do phiocadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ríoghbhardáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Riordáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí