Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Torramh agus Socraid.Ainm an Aithriseóra: Míceál Ó Síochtháin
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 52 bl.Nuair a gheibheann duine bás i dtig bíonn torramh ann.
Ar dtúis níightear an corp agus cuirtear an aibíid air agus cuirtear fé clár í ar bórd mór nó leabhadh.
Annsan tósnuigheann an torramh. Tagann na daoine isteach agus bíonn siad ag gol le muinntir an tíghe agus má thagann sean-mná tosnuigheann sí ag olagón,.
Leanann an torramh ar feadh dhá oidhche. Bíonn tae agis portéir agis má bíonn an duine saidhbhir bíonn uisge-beatha ann.
Bíonn snaoisín agus tobac á dtabhairt amach ann. Geibheann na mná an snaois agus na fír an tobac.
Más an duine aosta a bhíonn fé chlár bíonn na daoine ag innsint sgeulta ar feadh na h-oidhche.
Téidheann cuid aca abhaile agus fanann cuid eile ag torramh an chuirp. Deireann siad an Paidín ar a dó deug a clog agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shiochtháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Síochtháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí