Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 433
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Reilig.Ainm an Aithriseóra: Bean Uí Póil.
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 47 bl.Tá dhá reilig i bparróiste Gleann Beithe.
Tá ceann acu suidhte i mBaile na Cille agus tá an ceann eile suidhte i gCurra.
Tá cuma cearnógach ar an gceann atá i gCurra agus tá an ceann imBaile na Cille cruinn.
Tá an reilig igCurra an-leilbhéalta.
Tá an reilig i mBaile Cille an-garbh agus tá a lán clocaí innte. Tá sí sa treó soir.
Níl aon crann nó tor ins an gceann i mBaile na Cille, ach tá cupla crann ins an reilig i gCurra.
Cuireadh leanbhaí gan baiste san gCillín agus sin an ceann atá i Curra, ach cuirtear daoine fásta i mBaile na Cille ach le deanaí chuirtear daoine fásta san gCillín.
Tá fotharach i reilig Baile na Cille agus tá a lán daoine curtha ann.
Tá tuambaí ann agus is le mhuinntir Ó Seaghdha é. Níor cuireadh aoinne ann le fhada.
Tá a lán sean-croiseanna innte agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Labhaoise Ní Phóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Póil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí