Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleach
- XML Leathanach 288
- XML “Píosa Filíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Piosa Filiochta1.Tá buadhart go mór ar m’aigne
‘S Tá muinntir suaite tréith
Mar tá an Bearla a labhairt go fairsing.
In ár tír ó taobh go taobh
Sé cloisim ag an Marghadh
Ag díol ‘s ag ceannach ‘s ag agallamh
I dtig an tabhairne ag racaracht
Is i dtig na cúirte ar pledhé11.Siad lucht an Bhearla gairbh
Na fialtaidh gan truaghbhéil.
Dfág sinne deorach dealbh
Gan racmuis gan meidhreas
Dar leónadh is dár leagadh
Sár mbualadh is dhár mbascadh
Is dár ndíbirt ó ár mbailtibh
Thar sáile i bhfad i gcéin.111.Nárbh é an Bhearla do labhair Crambhaill
An Claire fuilteach claon
Nuair mairbh na sagairt
Agus loisg sé na séipéil
An mháthair grádhmahr cneasta
Gus an mhaighdhean bínn gan pheaca
Do ghoin sé iad gan taise
Is leagh ‘se le piléar.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Dhála
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Móráin
- Inscne
- Fireann