Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleach
- XML Leathanach 309
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeal Bhí triúr comráidhthe ann fadó. Siuinéir do beadh duine aca, gabha do beadh duine eile aca gus sclábhaidhe do beadh an tríomhadh fear. Do bhíodh éadach maith ortha i gcómhnaidhe agus cheapadh gach aoinne gur daoine uaisle iad. Do bhí droch galar amháin ortha sé sin d’olaidís gach rud a dtuillidís. Dúbhairt an gabha leó lá amháin nár b’aon maith dhóibh bheith ag caitheamh a saoghail mar sin go raibh sé cómh maith aca sgaramhaint agus dul ag tuilleamh. D’imthigheadar leó agus nuair a thángadar go dtí bóthar airighthe dúbhairt an gabha go raghadh gach aoinne aca a bhóthar féin agus taréis laé agus bliadhna go dtagfhaidís go dtí an bóthar sin. D’imthigh gach duine aca a bhóthar féin agus d’eirig go maith leó.
Nuair a bhí an lá agus an bliadhain caithte thángadar go dtí an bóthar sin. Do fháiltigheadar roimh a céile. Bhí céad púint an duine aca. D’imthigheadar leó agus bhí tig ósta ar thaobh an bhóthair rómpa. Dubhairt an gabha “Is fada ó bhuaileamair le céile, teanam oraibh isteach agus bheidh deoch againn.” Do chuadar isteach agus do chaitheadar an oidhche ag ól go dtí go raibh an trí céad púnt ólta aca. An maidin bhíodar go beó bocht agus do socruigheadar go raghaidís go dtí an áit ina rabhadar cheana agus go dtagfhaidís go dtí an áit ceadna i gcionn laé agus bliadhna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Choncúbhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Concúbhair
- Inscne
- Fireann