Scoil: Cnuicíní (uimhir rolla 13123)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mrs J. Booth
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnuicíní
- XML Leathanach 303
- XML “Seanscoileanna”
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seana croite agus tá sé ann fós. Ní biadh istig i scoil thomhas anois acht beithidhigh. Tá sí le feisginth cois abhainn fós.
- Fadó do bhí scoil 'san áit in dtugtar "Cilló" air timcheall ceithre páircheanna ó mo thig féin. Scoil ceann tuighe do b'eadh í agus bhí sí cuibhseach deas, nuair a bhí sí nuadh. Ní raibh aon bínisí sa scoil sin, ach clocha móra agus na buachaillí agus na cáilíní ina suidhe ionnta. Do bhí mo shean sean athair ag dul go dtí an scoil sin ar feadh seacht mblíana nó mar sin. Tá sé suas le chéad is triocadh do bhlíana ó shoin sar a bhí mo shean shean athair ar scoil. Deirtear go raibh suas le caogadh nó seasca scoláirí ag dul go dtí an scoil sin. Ins gach paróiste in Éirinn beagnach do tagadh daltaí an paróiste le chéile i mbothán éigin nó cois scairte agus do dhíolaidís beagán airgid le fear chun iad a mhúineadh.
- Bailitheoir
- Brídh Ní Aodhgáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Aodhgáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Siúinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)