Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na seirbhísigh eile dul a chodhladh. Annsan d'oschail sí doras cúil na coille agus amach léí san ndoireacht fé ualach éigin do bhí cruinn trom aici. Do innis an mhaor go tapaidh do'n mháighistir go raibh sé imthighthe, ach ní dúbhairt seiseann ach "bíodh aice fílisí nuair fuairisí" faidh do leabaidh amach. Cuir seo stad leis na seirbhísigh agus níor leanadar í acht bhíodhar ag faire féac a dtiocfhad sí ar ais; do dhein tar éis tímcheall dhá uair a chluig gan ualach gan clampar. Lá ar na bháireach d'eirigh an bruighean go léir agus do sgréach an máighistir amach go raibh a chuid óir agus airgid agus seóid imtighthe as an cómhra gan tásc gan tuairisc. Annsan thuig na seirbhísig gur bé sin an t-ualach do bhí ag imteacht aici se an oidhche sin. Cúpla lá na dhiaidh sin bhuail Eilbhia breoidhthe sí sin an bhean úasal agus d'éag si. Fúair an máighistir miothall fear agus do chúardaig sé leó gach poll agus pluais gach clais agus folas agus uaigneas do bhí ar fuaid na coillte. Acht, mo brón! níor éirig leó. Do theip ortha an saidhbhreas do nochtadh, agus tá sé amhlaig ríamh ó shoin. Ón lá san go dtí an lá so níor dhein aoinne amach "nead na caillaíghe" an ainm do glaoidh na daoine ar pé áit gur chuir an bhean uasal a stór. Ní'l sí imthigthe as cuimhne na ndaoine fós mar bíonn súil ag gach oibríghe sa Lodge (?) do bhíonn ag "corríghe na bhfód ann go mbféidir gurb é féin do bhainfeadh an clúd don Corcáinín buidhe" agus go mbeadh sé ar a shástacht go bráth arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pártalán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí