Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 099
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí alán daóine ag dul tímceall na h-aíte fadó. Bí gach aon saghas ruda acha, cuid aca á díol cuid acha á ceannach agus leigheasanna ag cuid eile acha. Bhí fear ag dul ó áit go h-aít agus glaodhar "Seamuisín a Leighis" air. Núair a tiocfadh sé go dtí's na tighte bhíodh sé ag amhránaidheacht ós a gcionn agus bhí abha i Gleann Beite agus deanadh sé gach áon leigheas as an uisge sin.Oidhche amháin bhí sé i tigh ar taóbh an bhóthair agus chuaidh fear isteach cuige agus dúbhairt se leis "tar amach as san agus teasbháin dom na púcaí." Do chúaidh Seumaisín bocht amach go mall agus núair nárb féidir íad a teasbáint do tosnuig sé ag gol. Fúair sé bás i Gleann Bheite agus nírobh féidir leis é feín a coiméad beó leis na leigheasanna.Bhí fear eile ag dul tímcheall na h-áite agus bhí madra mór aige, áon tigh a raghadh sé isteach innte theigheadh na daóine go léir isteach ann, agus bhíodh cártaí acha agus bhíodh síad ag rinnce agus sé bíodh ar siúbhal aige ná "Ní bheidh aón bhaóghal ar 'Thady Anley' i mbóthar an rí." Thady Anley an tainm a bhí air.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Muircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bríd Bean Uí Muircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí