Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 496
- XML “Na Conaillig”
- XML “Brian Mac Murchadha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- B'é Peadar Ó Rosnaidhe do bhailig an t-eolas seo ó'n a aintín Nora Ní Ríordán, Cathair-Saidhbhín.NA CONAILLIGDo bhí ana-chuid talmhan ag na Conaillig. Bhí chuid maith de Catharn agus Faill Mór aca. Sealgaire maith do b'eadh Domhnall O Conaill, agus i gcómhnaidhe nuair a bhiodh sé ag teacht abhaile do théigeadh sé isteach i dtig éigin a bhí ag na tineóntaidhthe agus do bhíodh rud éigin le n-ithe aige ann. Lá amháin do chuaidh sé isteach i dtig agus tar-éis an deinnéara do ghlaodh sé ar fear a' tighe agus dubhairt sé leis "Caithfidh mé rud éigin a thabhairt dhuit anois." "Ní tóghfadh mé aon rud uait" arsan bfear. "Tabharfadh mé comhairle leasa dhuit" arsa Domhnall "Ná téighir go chúirt ríamh."
- Bailitheoir
- Peadar Ó Rosnaidhe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Nora Ní Ríordán
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- B'é Seán Ó Síothcháin do bhailig an t-eolas ó'n a mháthair Nora Uí Síothcháin, Cathair Saidhbhín.
Bhí tigearna talmhan ina chomhnaidhe igCill Airne agus Brian Mach Murchadha do b'ainm agus sloinne dó. Bhí feirm mhór aige inaice le Cathair Saidhbhín agus do roinn sé i ina feirmeacha beaga. Do chuir sé cios trom ar na tineontaidhthe a bhí ina gcomhnaide ar na feirmeacha san. Tareis tamaill ní raibh na tineontaidhthe abálta an cios diol agus do(leanann ar an chéad leathanach eile)