Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- B'é Seán Ó Síothcháin a bhailig an t-eolas seo ó Bean an Bhreathnaig atá ina comhnaidhe i mBarra na Sraide.
Bhí Naomh Pádraig ag siubhal fadó agus chuaidh sé isteach idtig agus bhí bean an tighe ag gearradh anairte cun eadaig do deánamh dá clann. "Cead mile fáilte romat a dh uine chóir a dubairt sí mar thuig sí gur duine bocht abhí ann. Thug sí adhbhar leine dó annsan agus dubairt sé léi "Raighse Dé ar do lamh" agus d'imtigh sé. Da mbead sí ag gearradh na h-anairte ó shoin ní bhéadh sí ábalta an deiread d'fáhail. Tháinig bean des na chomharsain isteach agus leat na súíle uirtí nuair a connaic sí an anairt go leir. D'fiafruigh sí den mnaoí cá bhfuair sí an anairt go leir "O fear bocht a bhí annso" a dubhairt sí "agus thugas adhbhar leine dó agus táím ag gearradh ó shoin agus ní feidir an deiread d'fagailt." Tháinig éad uirtí annsan agus rit sí indiaidh Naomh Padraig le adhbhar léine agus thóg sé an leine ó'n mnaoí. Dubhairt sé léi, "Leamamaint ar an gcead rud a deanfadh sí nuair a ragadh sí abaile. Nuair a chuaidh sí abhaile chuir sé uisge san ciotal agus má dein bhí sí ag líonadh an ciotal go raibh loch mór déanta aicí agus do baghaidh i féin. Loch Muir a tugtar ar an loch sin.- Bailitheoir
- Seán Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean an Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Barr na Sráide, Co. Chiarraí