Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bean fairrge lei imtheacht uirthi go mbeadh sí féin ina diaidh. Do iarraidh an fear di cad na thaobh nár imthig sí inéinfeacht leis an mnaoí. Dubhairt sí ná raibh aon gnó aici féin in éinfeacht lei mar go mbeadh sí sin ag ithe na feola fuaire.
Nuair beirtí aon leanbh san áit is amlaidh a ghoillfeadh sí a dóthain, agus nuair cailltí aoinne brisfeadh sí a croidhe ag gairí. Diarraidh a fear di lá cad na thaobh go mbeadh sí ag gol nuair beirtí na leanbaí óga, agus dubhairt sí leis mar go raibh crosa agus trioblóid an tsaogail rómpa, agus nuair cailltí iad go mbeadh siad imtighthe ón trioblóid go léir.
Do mhair sí mar sin go dtí gur tháinig lá ins an Earrac. Do bhí an fear ag dul ag treabhadh. Chuaidh sé ináirde ar a lochta, ag diarraidh rud éigin a bhain le'n a sheisearach. Cad do tharreochaidh sé anuas acht an cocall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhuircheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann