Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(6)
Seo dhuit síntuís airgid, agus cuardaig airís é
Ceann Muice, agus an Duibhe dhe, agus poinnte an ráth
Agus mar ambeidh sé fachta agat annsan ar theacht na h-oihche
Téighre go dtí an tSnaidhm, agus codail ann go lé(7)
Do dheineas cómhairle an fhearaire, mar nách ag magadh fúm do bhí sé
Is chuardígjeas Neidín de, agus locha Coinnleáin
Ó gur tógas bád i nGaranais do chuir isteach go baoí me
Is,is buadhartha, cráidhte a bhíos-sa gan a thuairisc agam le fágáil(8)
Do gheibheas-sa ar bórd smaice, a bhí ag tarrac a gcuid líom
Is gur gheibheas de'n scríb sin go Baile an Chaisleáin
Go ndubhairt duine des na fearaibh liom go bfeacaid sé sa taoide é
'Á phriocadh ag scata faoileann, is é ar a slíghe ag teacht ó'n Spáinn(9)
Nuair nár thuiteas as mo sheasamh, nuair a chualadh an scéal dá ínnsint
Is gur geibheas ar bórd steamer chun go n-imthíghinn fé na déin
Tháinig gála, agus fairrge, agus nuair nár cailleadh ar an slíghe sinn
Is, is fann lag a bhíos-sa ag breoídhteacht im' thúrnáil(10)
Go ndubhairt duine des na fearaibh liom go raibh gaoth andheas ist-oidhche ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Conchúbhair Ó Dálaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí