Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Eoghan Ruadh 'na buachaill aimsire age duine éigin i gConntae Luimnigh, gur raibh feirm tógtha aige ann. Do bhíodh sé ag reamhrú stuic ann. Eoghan a bhíodh ag reamhrú agus ag tiomáint an stuic dó. Casadh isteach go tig i gContae Luimnigh uair é. Bhí beithidheach marbh sa tigh agus a chosa tosaigh ar crocadh anuas. Nuair a bhí a shuipéar iththe aige bhí sé féin agus fear an tíghe ag cainnt mar gheall ar an saoghal agus ar an aimsir. "Is dócha ," arsa Eoghan," go bhfuileann sibh-se go maith as anseo.." "B'fhéidir gur dhéich leat," arsa fear an tíghe"."Ó arsa Eoghan," níl beithidheach ar crocadh ag aoinne ach daoine atá go maith as." "Sin í an beithidheach daor orainn," arsa fear an tíghe." Conus san ," arsa fear an tíghe. "Tá , táimíd ag aodhaireacht annso age duine uasal,agus go deimhin chun na fírinne a rádh , tá sé an -mhaith dúinn.. Tá droch- chómharsa againn ar an dtaobh eile de chlaidhe na teorann, agus níl aon ainmhidhe againn ná fuil i gcontabhairt aige iad do mharbhú. Tá sí sin mar beithidheach a chíonn tú ar crocadh anuas, bhí sí anáirde ar chlaidhe na teorann cúpla lá ó shoin,agus bhí an mí-ádh chómh mór san orm gur chaitheas cloch léi. Cá mbuailfinn í ach sa chois, agus do bhriseas an chos agus b'éigean dom í mharbhadh. Caithfidh mé díol aisti leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí