Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh mná ann fadó do ghéillead do piseóga i dtaobh bainne agus idtaobh ime. Bhí bean áirighthe ann a deireadh nuair a bhíodh sí ag tosnúghadh ar an gcuigeann do dhéanamh
Bail ó Dhia ar an gcuigeann seo,
Sop agus ribe innti,
Ceirtlíní ime innti,
Ím an bhaile seo thoir,
Ím an bhaile seo thiar,
Ím Cáit agus Bríghde,
Máire agus Síle,
Chun an tsoitigh do líonadh i gcóir a 'chíosa,
Ím an tsagairt féin,
Dar ndóigh cé gur deacair dom é iarraidh,
Ach mar sin féin thagadh sé,
Come butter, come butter, Come butter, Come butter, come.Ceann eile , do bhíodh sé aca da bhfaighdís iasc nú feóil
Go méaduighíd Dia ím is bainne chúgaibh,
Feóil na bheathaidh chúghaibh,
Iasc marbh chúghaibh
Is go tugaid Dia slán abhaile lucht a mharbhuighthe.- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Ceannúigh, Co. Chiarraí