Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 114
- XML “An Fear Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear siúbhail ann fadó. Aon oidhche amháin bhí sé ag siubhal roimis is bhuail duine marbh leis ar thaobh an bhóthair, Bhí bróga maithe air agus dubhairt an fear siubhail i na aigne féin gur mhaith an rud dá mbeidís aige. Tosnuig sé ar iad a bhaint dá chosa ach ní thiocfaidís de i naonchor mar bhí an oidhche ag cur seaca, agus bhí cosa an fhir mhairbh réoidhte ag an sioc, Nuair ná raibh sé ar a chumas iad a bhaint de níor dhein sé aon nídh ach na cosa a ghearradh ós na glúibibh do' n duine marbh is buail sé chuige ar a ghualainn iad. Chonnaic sé solas i bhfad uaidh is dhein sé fé dhéin an tíghe, Botháinín beag ab eadh é is gan aoinne na chónnuídhe ann ach bainntreach .Leog an fear siubhail dhá chois an duine mhairbh amuich lé hais bhínn an tíghe is chuaidh sé isteach . Diarr sé loisdín na h-oidhche ar an mbaintreach is dubhairt sé ná raibh aon tslíghe aici dhó, mar go raibh cráin mhuice sa tig is go raibh eagla uirthe go n-íosfadh sí é. Dubhairt sé léi gan aon eagla bheith uirthe go radhadh sé anáirde ar an mbórd uaithi. Toilig an bhaintreach leis, is chuaidh an fear siubhail a chodladh ar an mbórd. I lár na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Ceannúigh, Co. Chiarraí