Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 143
- XML “Conas Mar a Bhuaigh an Cunsailéir Óg ar an gCunsailéir Críonna i mBabhta Dlí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gasra fear i dtigh tábhairne i gCorcaigh ag ól. D'éirigh achrann idir beirt acu , ar shlíghe is gur mhairbh duine acu an duine eile. Thóg na peelers an té mhairbh an duine. Tairigeadh tríd an ndlíghe ,e , agus leagadh amach ar bannaí é go dtí Siosón Chorcaghe. Cómhairligheadh dó ná raibh aoinne a oibríochadh an chúis chómh maith dhó ná an Counsiléár Ó Conaill i nDoire Fhionáin. Ghluais sé air agus níor stad sé go dtáinig sé go Doire Fhionáin. Bhí an Counsiléar sa bhaile roimis agus a mhac, an Counsiléar Óg.. Dubhairt an sean-Chounsiléar leis an bhfear nuair a innis sé a sgéal dó ar conus a thuit sé amach, agus ar chad a thug annso é. Dubhairt sé an fhírinne a innsint do agus gan aon chor a chur sa sgéal, ach do réir mar a thuit amach. D'innis sé dó focal ar fhocal mar a thuit amach. Dubhairt sé gur mhairbh sé an fear agus go raibh fear an tábhairne mar fhídhnéidh air. N'fhéadfainn aon phoinnte a fhágail sa chúis a
dhéanfadh an tsaoradh ort. Táim eaglach go gcrofhfar tú.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Seocfrada
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí