Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 144
- XML “Conas Mar a Bhuaigh an Cunsailéir Óg ar an gCunsailéir Críonna i mBabhta Dlí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thógfad do chúis ar láimh in aonchor, arsan seana Counsiléar."Bhfuil aon chúis agat dá thabhairt suas" arsan Counsiléar Óg."Tá " arsa an t-athair. "An gceapann tú ná fuil aon phoinnte ann chun é a shaoradh" arsan mac. "Ceapaim agus níl leis", arsa an t-athair. "Seadh, tógfad-sa an chúis ar láimh, arsan mac. "Ma thógann tú, sin í an chúis a raghaidh id choinnibh. "Is cuma liom, triallfad í, arsan mac. Tabhair dom cúig phúint, ar seisean. le fear Chorcaighe,agus tabharfaidh san teideal dóm-sa chun oibriú im' Chounsiléar duit lá na trialach, agus téidir abhaile anois, agus ná bíodh aon droch -mhisneach agat. Má ritheann liom liom-sa mar atá ceapaithe am'aigne agam, is mór an draoidheacht nó saorfad tú. D'imigh fear Chorcaighe abhaile. Ar maidin láir na máireach ghléas an Counsíleár Óg é féin suas i gculaith máirnéalaigh, agus níor stad sé nó gur bhain sé Corcaigh amach. Bhí sé ag cur de riamh is choidhche gur bhuail sé isteach sa tig tábhairne'nar marbhuigheadh an fear. Bhí a thuille máirnéalach ag ól istigh roimis, agus cuid de bhuachaillí ná h-áite ag ól chómh maith. Luig sé isteach i gcuileachtain buachaillí na h-áite, Ba ghearr gur éirig achrann idir é féin is(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Seocfrada
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí