Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Leathanach 171
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Sean Ó Suilliobháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Firíneach fir tar fairrge anoir ag ínnsint a sheil gan féich gan fuil.
Freagra. Leitir
Deatach sa gleann agus gan aon spré ann
Freagra Ceó.
Tá tig anso thiar agus tá na ceadtha ann agus ní bhfaghainnse ná mo cuid eadaig slíge ann.
Freagra. Port sliogán ruadh.
Each caol dubh air each donn sínte san abhainn agus na feadadh aoinne dul air a dhrom
Freagra Easgú - Seán Ó Suilliobháin ( Casúr)
Do bhí fear annso i nDúingéagáin fadó darbh bainm Seán Ó Suilliobháin Casúr. Iascaire mór do beadh é agus do bhí sé na Captain ar saidhne, Bhí sé amuigh an oidhce seo ag íascaireacht agus do shéid gála air agud do thiomáineadh isteach i náit go dtugtar mBuailícuíl air agus do cuireadar suas na báid, Do gluais Sean leis abhaile agus é aniar ó bhóthar na mainistreacha do bhuail franncac thairis agus agus ceann duine ar a (cluais?) aige. Do bhain sé ceann an duine den fhranncac agus do bheir sé síos sa roilig é agus do cur sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Miceal Ó Murcúdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Géagáin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Miceal Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Dún Géagáin, Co. Chiarraí