Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Leathanach 199
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mblárna amach.
- Bhí rí ann fadó agus do bhí triúr inghean aige. Aon tráthnóna amháin do chuaidh sé amach ag siúbhal é féin agus a thriúr inghean agus ar a dteacht abhaile dhóibh tháinig triúr athach aniar ist a ndheas agus sciobadar leó (soir ó trhuaidh) na triúr inghean soir ó thuaidh. Dfan an rí san áit sin go dtáinig an oidhche air agus nior tháinig a triúr inghean chuigis. Dhein sé an rud ceadhna an dara lá agus an tríomhadh lá ach níor tháinig a triúr inghean. Chuir sé gairm scoile amach aon triúr fear a gheóbhadh a thriúr inghean go bhfaighdís iad le pósadh. Bhí óifigeac san arm agus cheap sé gur fear maith é fhéin agus do labhair sé leis sárgent mar cheap sé gur feat maith eile é sin. Do thoilig an sárgent leis an gcaint. Annsan dubhairt an t, oifigeach leis cá bhfaighdís an tríomhadh fear. Do labhair an sárgent agus dubhairt sé ná beidís mar sin go bhfaigheadh sé féin fear. Dubhairt sé go raibh Príntíseach ag gabhadh áirthe gur bhainm do Johny Doyle. Do chuadar fé na dhéin agus dubhairt sé go raghadh ach go gcaitheadh sé claidheamh a bheith aige. Dubhairt an t, oifigeach leis,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Mac Cártha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mártan Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50