Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)
- Suíomh:
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Imleach Droighneach
- XML Leathanach 308
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí beirt ban i gCathair Dhómhnall fadó...”
Bhí beirt ban i gCathair Dómhnall fadó agus bhíódar ag dul siar go Cill abuaint ag tabairt turas ag tobar búana. Seadh do dheineadar ionad choinne le na chéíle ádhbhar laothanta roimis sin. Dúbhairt duine des na mnáibh leis an mhnaoi eile "Ná imthig anois ar maidin agus glaodhfad-sa chúghat"Ní raibh aon doras ar na thigthib an uair sin in aon chor acht sgolbán deanta de shlataibh aige daoine bochta go h-áírighthe. Nuair dhúisig sí seo as a codladh do bhí sé ana gheal agus cheap sí go raibh an lá ann. "Ó Dhia le m'anam tá an mhaidean ar fad imtighthe agus tá Peig imthigthe" ar sise "níor ghlaoidh sí chugam in aon chor.D'éirig sí na suidhe agus chuir sí trí no ceathar práaí fuar beirighthe sa ghríósach ag rósta. Ní raibh arán ná té ag aoinne san am san. Dith si iad le braon bainne agus bhuail sí clocha ar a gualaibh agus chuir sí a bróga isteach i gceirseach agus bhuail sí snaidhm ortha agus bheir sí léi na láimh iad. Bhí sí ag car di. Cheap sí go raibh an bhean eile imthighthe roimpe agus go dtagadh sí suas léi agus bhí si breágh geal. Bhí sí cinnte go raibh an lá ann.Gaibh sí sean bhothar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Síodhcáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann na hAbhann, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Ní Shíodhcháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann na hAbhann, Co. Chiarraí