Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)

Suíomh:
Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Imleach Droighneach
  2. XML Leathanach 317
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí lánmha ann fadó agus ní raibh acu ach an t-aon inghnean amháin agus dimthig sí uatha ag tuilleamh a beatha...

    Bhí lánmha ann fadó agus ní raibh acu ach an t-aon inghnean amháin agus dimthig sí uatha ag tuilleamh a beatha agus ní bhfuaireadar sgéal na duain uaithe as san amach ar feadh tamaill.
    Bhí sí in aimsear a dtig fear saidhbhir agus phos sé í agus ní shásóchadh aon nídh í agus bhí seirbhísigh go leór aici agus aon rud a geibidís ullamh cun dínnéir ná aon am bíd gheibeadh sí locht éigin ar gach aon nidhe agus bhiodh a fear ag pleidhe lei i dtaobh bheit ag fagáilt locht ar rudai agus deireadh sí leis i gcómhnuidhe in agaidh gach sceil "Mo treach is mo chiach! mar ní rabhais-se thiar.
    Cheap sé go raibh na laothanta do gaibh bean t-siubhail an bhóthar agus chualaidh sí go raibh a leithéid sin de chailín pósta timcheall na h-aite agus chuaidh sí fé dhéin an tíghe ag lorg a deirce agus ce tacfad na fear an tíghe agus d'fiafruig sí de an ansan a bhí a leithéid de chailín pósta. Ach ar seisean Ní h-annso atá sí pósta ach i dtig mór eile agus taisbean sí tig eile a bhí comharach leo. Níor mhaith leis a thabhairt le rádh don bhean t-siubhail gur bíde a thig mar na mhait leis cúntas a fhághailt uaithe conus a bhí a muinntear ag baile.
    Dinnis an bhean deirce do ná h-aon níde mar gheall ar a h-athair agus a máthair.
    Sead níor leog sé aon nídhe air go raibh sé ag cainnt leis an mbean tsiubhail agus dubhairt sé le na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Próinnséas Ní Síodcáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fearann na hAbhann, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Ní Síodhcháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fearann na hAbhann, Co. Chiarraí