Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 083
- XML “Solas ag Cosaint Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thóg sé suas í, agus cad a bhí fúithe acht bosca mór iarainn, agus roinnt beag cré anuas air.Níor dhein sé aon rud leis go dtí an oidhche, agus annsan chuaidh sé féin, agus duine eile go dtí an áit chun é thógaint suas. Nuair a thánadar ‘na treó chonnacadar solas díreach ‘san áit ‘nar thóg sé suas an leac.Do chuir sin scannradh ortha agus chuadar abhaile. D’eirigh an fear a thóg suas an leac breóidhte, agus bhí sé go h-olc ar feadh i bhfad, agus do chídhtí solas gach oidhche ‘san áit ‘na chonnaic sé fein é.Tháinig bean taistil isteach lá amháin, agus dúbhairt sí mara mbeadh go gcuirfí an leac thar n-ais ‘na áit féin arís ná tiocfaidh sé ar fódhnamh. Chuir cara an fhir bhreóidhte thar n-ais arís é, agus fuair an fear breóidhte bás an oidhche sin.
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí