Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa bhaile ach lá amháin chuaidh fear ó'n oileán seo go Neidín i naobhóig i ngnó áirithe agus is amhlaidh a bhuail sé le Diarmuid , agus tar éis bheith ag cainnt ar feadh tamaill d'innis Diarmuid a sgéal do'n bfear eile.
Bhí fhios ag an bhfear eile gur fear léigheanta do beadh Diarmuid agus dúbhairt sé le Diarmuid ná raibh aon duine chómh léigheanta leis féin annso, agus d'iarr sé air teacht leis.
Do chuaidh an beirt acu isteach san naobhóig agus d'imthigheadar Cuan Neidín amach agus suas fan na Fairrge Móire agus thángadar isteach go dtí Cuan Dairbhre agus thángadar i dtír ann.
Tar éis cúpla lá le congnamh an fhir eile chuaidh Diarmuid amach agus dhein sé bothán i gcuas i bpáirc a carad i gCurrach Beag agus an chéad lá tháinig mórán sgoláirí chuige ach níor dhein sé an lá san acht saghas socrú, agus b'iad seo tearmaí an tsocraithe.
Ar dtuis chaith gach duine a bhí láithreach sgilling a thabhairt dó gach mí nó congnamh éigin eile, agus thabharadh cuid de's na daoine bochta prátaí agus bainne dó in ionad airgid.
Annsan d'órduigh sé do gach duine slinn deas agus cloch beag nó má bféidir peann slinne d'fághailt chun scrí agus stóilín a bheith ag gach duine dó féin chun suidhe air sa scoil agus saghas lóin a bheith acu.
Foghluimuightí léightheóireacht béarla agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí