Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san pósta.Nuair tháinigh lá an phósta, do chuaidh an bheirt acu, agus alán eile go dtí an Séipéal agus bhí deich scilling ag Seán chun a thabhairt go dtí an sagart mar ní raibh ag teastáil ó’n sagart acht deich scillinge.Nuair a bhí Seán ag dul isteach go dtí an séipéal, do chaill sé an t-airigead, agus ní raibh sé le fághil, agus cheap an sagart ná raibh sé aige in aon chor.Bhí sé tamall maith ag lorg an airigid, agus fuair sé é sa deireadh, agus dúbhairt an sagart leis ná bheadh lá bocht aige riamh agus ní raibh.Nuair thánadar amach as an séipéal bhí na daoine go léir ag cathamh rís leó mar bhí bhí piseóga ag na daoine fadó.Bhí dhá chóiste ‘san oileán an uair sin, agus bhíodar ag fanamhaint chun iad a thabhairt abhaile, agus nuair a bhí siad ag dul abhaile b’éigean do thriúr fear siúbhal roimis na cóistí mar bhí sé ráidhte go mbeadh ar fear marbh i gcionn fiche blian, mar a deintí é sin.Do chuadar abhaile, agus bhí oidhche maith acu, agus ‘san oidhche tháinigh buachaillí tuighe, agus bhí oidhche maith acu, agus ar maidin bhí gach aoinne ana shásta leis féin tar éis an oidhche mór spóirt agus caitheamh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire de Burton
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Concúbhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí