Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darb ainm Séamus Ó Loíngsigh ó Churrach Mhór ag dul go dtí Caithir Saidhbhín lá amháin le linn an ghorta mhóir.Ní raibh aon tréan ó’n bpointe go dtí an chathair an uair sin, agus b’éigean do’s na daoine ó Oileán Dairbhre siúbal go dtí an baile mhór.Bhí an fear seo ag siúbhal suas bóthair an phoinnte lá agus
chonnaic sé fear ag fágailt bháis leis an ocras ar taobh an bhóthair.Bhí daoine eile tímpeall na h-áite agus dúbhairt Séamus leó dul ag iarraidh an t-sagairt, acht ní raghaidís.Annsan thug sé leath chóróin do ceann aca, agus d’imthigh an duine sin ag iarraidh an t-sagairt do’n bfear a bhí ag fághailt báis.Lean Séamus ar an aistear suas go dtí Caithir Saidhbhín, agus bhuail sé le fear eile ó Oileán Dairbhre.Bhíodar ag teacht abhaile i dteannta a chéile, agus bhíodar lag leis an ocras mar ní raibh aon biadh i gCaithir Saidhbhín chun é cheannach.Ó Theinnibh dob’eadh an fear a bhí i dteannta le Séamus agus bhí sé ana ocrach ar fad.Nuair a bhí sé ag gabháil thar Gháirdín an Ridire chuaidh sé isteach agus fuair sé cúpla práta agus d’ith sé iad.Nuair a bhí sé ag teacht amach arís do ghlaoidh duine éigint air agus cé bí ann ach an Ridire féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí