Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall dhá céad go leith blian ó thoin bhí gabha in a chómhnaidhe i gCurrach Mór. Fear ana láidir do beadh é agus aon obair cruaidh a bhíodh le déanamh ag aoinne do chuirtí fios ar an bfear sin.Lá amháin thánaig fear boct chuige a rádh leis go raibh an t-aon bó amháin a bhí aige istig i bpoll agus go raibh an talamh tímhpeall an poill ana bhog.Chuaidh an ghabha go dtí an áit in a raibh an bhó agus do rug sé ar greim ar a earbhall agus do chaith sé ar an bport í agus bhí an fear ana bhuidheach dhó.
Bhí gabha eile i bFiadhach Meadhon agus bhí sé ag obair go dian gach lá ó mhaidin go tráthnóna nmar bhí clann mór aige chun iad a chothúghad agus i ndeire na seachtmhaine ní bhíodh aon biadh aige chun thabhairt dá chlann agus bhí an sgéal sin agie ar feadh i bfadh.Sa deireadh do chuaidh sé i gcómhairle fir chiallmhair agus d'innis sé a sgéal dó. Dúbhairt an fear ciallmhar leis go raibh fhios aige féin mar gheall ar a sgéal agus dúbhairt sé gur buille déanac a tSathairnm agus buille lua an Luain fé ndear an bhochtanais.Annsan dúbhairt sé go mbíodh sé ag obair ró déanach oidhche Sathairn agus ag obair maidin Dia Luain sa'r a raibh an Domhnach thart agus nár cheart é sin agus ó thoin i leit bhí an fear ag eirighe níos saidhbhrSgéalaidhe: Sean Ó Murchadha, Teinnibh- Bailitheoir
- Sorcha Ní Cúipéir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí