Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gabha darb ainm Séamus Ó Donnchada ina a chómhnaidhe i dTeinnibh in Oileán Dairbhre tímcheall céad blian ó thoin.Gabha ana láidir do beadh é agus toisg gurb é Séamus an ainm a bhí air "Séamus Gabha," a thugtaí air.Do dheineadh sé sleáin agus pící, agus sluaiste,a gus rannaibh d'aoinne a thugfadh an órdú dhó agus ní raibh sé ró dhaor ortha leis agus dá bhrí sin bhí na daoine buidheach dó.Ceann de muinntir an oileáin dob fhearr chun spóirt do beadh é agus bhí sé ana chliste leis.Do thagadh sluagh mór daoine chun na ceardcan gach lá fliuch chun bheith ag éisteacht leis an gcainnt a bhíod ar siúbhal aige.Deineadh sé claidhmhte leis dos na tincóntuighthe mar bhí siad ag teastáíl uatha chun a gcuid seilbh a chosaint ós na báíllibh agus is minic agus is minic a thugadh sé cabhair do's na feirmeoirí a bhí timcheall air.Cuaidh buachaill ó'n gceanntar suas go dtí Cuail lá amhain chun a chapall a thabhairt abhaile.Bhí an chapall pas beag fiadhain agus ní raibh an buachaill ábalta ar é stúireadh.Chuir sé an ceannrach air ar shlíghe éiginn, ach bhí an chapall ag léímrigh tímall na h-áíte agus do léim sé isteach i "bPoll Deiní air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí