Scoil: Castleplunkett (uimhir rolla 15545)
- Suíomh:
- Lios Lachna, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castleplunkett
- XML Leathanach 104
- XML “Buaidh na Buaraí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do stad sí agus chonnaic an bhuarach. Do bheannaigh sí linn agus do bheannaigh-muid'é leithi ahus chuir sí ceist orainn fá'n mbuin. Nuair a chualaidh sí an sgéal dubhairt sí go ndéanfadh sí an bhó umhal, ciúin. Dubhairt sí linn an bhuarach a sgaoileadh uaithi agus rinneadh amhlaidh. Annsin thosuigh sí ag mealladh na bó 'gá cuimilt agus ag rádh amhránaín. Ní chuimhneach liom ach cúpla focal de mar seo. "Deasuigh thart , a chailleach
Deasuigh thart, a chroidhe
Deasuigh thart a chailleach
'S tál an bainne buidhe,
A chailleach mhín, a chailleach chaoin
Seas go ciúin go fóill
..................................... "
Do sheas an bhó ag éisteach agus cos níor chorruigh sí. Dubhairt an tsean-bhean linn annsin a bheith an - chúramach ar an mbuaraigh mar dá bhfágadh daoine greim uirthi (an bhuarach) go mbeith siad i ndon im na bó a ghoideadh leo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S.S. Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Mac Luachra
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Paiste, Co. na Gaillimhe