Scoil: Castleplunkett (uimhir rolla 15545)
- Suíomh:
- Lios Lachna, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin ar a bhfairrge tiocfhaidh do bhean amach chugat chomh breágh, slán agus a bhí sí ariamh. D'athruigh an fear óg é féin i riocht seabhaic agus d'eiteall sé chun na háite mar a raibh an collach nimhe. Thug sé croth leomhain air annsin agus do mharbhuigh sé an collach. Nuair léim an girrfiadh amach as thug sé croth con air féin agus do lean an girrfiadh go rug air agus gur mharbhuigh sé é. Annsin do phreabh an lacha fhiadháin amach agus do sgiorr sí tríd an spéir acht dá luaithe dá dtéigheadh sí bhí mo dhuine le ha tóin i riocht seabhaic, gur rug uirthi gur mharhuigh agus gur stroic ó chéile í. Fuair sé an slaitín draoidheachta mar adubhairt an cailleach leis, agus as go bráth leis ar ais aríst chun na fairrge. Do bhuail sé buille de'n tslaitín ar an bhfairrge agus leis sin, d'éirigh maidhm mhóe amuigh uaidh agus nuair bhris sí ar an tráigh do shiubhail a bhean amach aistí chomh slán, sonasach 's bhí sí ariamh. Níor baineadh geit na sgeiteóg asta uaidh sin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S.S. Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Reachtaire
- Seoladh
- Knockalegan West, Co. Ros Comáin