Scoil: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí
- Suíomh:
- Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: An tSr. M. Olivia
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San mbliain 1846 tháinigh an Gorta Mór mar gheall ar meathlughadh na bhfataí. Sul a tháinig sé bhíodh muinntir na tíre ag brath ar na fataí mar adhbhair bídh mar ní raibh mórán eile acú. Bhí togha na bfátai an bhliain sul a thárla an Gorta. Bhíodhar chómh maith sin nach raibh a fhios ag na daoinibh cad a deanfaidís leo in aon chor agus mar gheall ar sin níor cuireadh fataí i dtaisge.Bhí líon mór daoine 'san gceanntar an uair sin. Tháinig an milleadh go h-éadtrom ar dtúis, ach níor chuir na daoine mórán speis. Ach ní raibh an sgéal mar sin ach tamaill beag. Rómharthuigeadh na fataí agus do mheathadar i gcarnáin. Thosuigheadar ag dubhadh ach mar sin féin lean na doaine 'gá n-ithe.Tháinig an donas chómh mór sin orra nach raibheadar feileamhnach le n-ithe. Annsin thosuigh na daoine ag faghail bháis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eithne Ní Dholáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Corraslira, Co. Ros Comáin
- Faisnéiseoir
- Micheál Leanáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Corraslira, Co. Ros Comáin