Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)
- Suíomh:
- Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Risteárd Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1: Nuair bhíonn scamaill dhorca ag rith treasna na spéire sin comhartha go mbeidh báisteach againn.
2: Nuair bhíonn na réaltíní ag spreacharnaigh sin comhartha go mbeidh sioc againn.
3: Nuair a síltear go bhfuil áiteanna atá i bhfad uainn níos comhgaraidhe dúinn beidh báisteach againn.
4: Nuair bhíonn fáinne mór-thímcheall na gealaighe, agus nuair bhíonn sé ag dul i méid sin comhartha go mbeidh aimsear bhreág againn.
5: Tá carraigh ag béal cuain Dún na Séad ar a tugtar Rinn Dubh (Black Point) agus nuair a chloistear í ag scordán beidh stoirm againn.
6: Tá carraigh ar an dtaobh tuaidh de'n Oileán seo ar a dtugtar an "Muilleann". Má raibh na tonntacha ag briseadh i gcoinnibh na carraige sin comhartha stoirme.
7: Tá faill i Sliabh Mór ar a tugtar Rinn a Bhuilg. Má raibh an faill sin "ag bhriseadh" bheidh báisteach trom againn.
8: Tá carraig idir Inis Cléire agus Inis Arcáin ar a tugtar an Charraigh Mhór. Dá bhfeicteá an charraig ag tabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)