Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá na fotharacha go léir imthighthe anois ach go bh'féadfá a dhéanamh amach go rabhadar ann.
Tá ceann thuas i gClais Dubh go bhfuil na fallaí ann fós. Do bhí Daddie the Kills agus Peig Ni Bhfurdil inagchómhnuidhe ann. Tá fotharach eile ar bharr Seanabhaile. Mícheál Breac (do ghlaodhís air) do bhí sa tig sin. Do bhí ceann eile ar an dtaobh thiar den cheardchain. Donnachadh an Douis agus Nell a Mhaide do bhí ina gcómhnuidhe annsan
(ní fheadar cad iad na h-ainmneacha abhí ortha ach sin iad na h-ainmneacha do ghlaodhach gach aoinne ortha)
Do bhí dha thig eile ar gach taobh de Chrois a Mhantí. Beirt fhígheadóirí do bhí i gceann acha Tomás Ó Caoibh agus a mhac. Tá a mhac ina chómhnuidhe i Sciobairín anois. Seóirse Ross do bhí in an gceann eile. Do bhí cúig tighthe deag i Milín na n-Imiris ach níl rian na dtighte ann anois ach go bhféadfá a dhéanamh amach in a lán áit cá raibh suidheamh ortha. Stróinséirí dob eadh iad agus do bhíodar go léir togtha suas ar an am gcéadna. Is i gaid do mhairedar agus ní raibh aon obair dá dhéanamh aca ach i gaid is i fuadach san oidhche. Airt ainm an taoisig do bhí ortha. Nuair a chídís Airt ag gabháil amach san oidhche. Do ghlaoidís "Cá raghair Airt? Raghad a gaid mhairt. Is maith mar a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Breathnach
- Inscne
- Baineann