Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Mícheal Chormaic do Cheap
“Maidin mhoc ar thaisteal dom le h-ais na coille cnóthach.”
Maidin mhoc ar thaisteal dhom
Le h-ais na coille cnóthach,
Mar ritheann sruth o'n inbhear
N-a caise chriostail chlódh-ghlain,
'Seadh dhearcas bruinneal ghasta ghanta
Cneasta mhiochair mhódhmhair,
Gur binne a ghuth gan dearmhad
'Ná casadh puirt d'reír nóta
Ba leabhar luadhtha daithte fighte
Fada tuigh é a h-ór - fholt,
A bhara-san go deas ag filleadh
T'réis teacht go troig n-a rónaibh
Ba ghlas a ruise is a mbraoithe snuidhte
Mar an luibh na fheóchann,
An deád ba mhiona phlúraidhe dheise
N-a béal ná canfadh[?] móide;
A píob, dar liom mar ghéis ar muir,
'S chúm fearg singil seólta,
Is dearg luisne ag chur dath ortha
Na h-atha ghlain mar dhólainn.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann