Scoil: Doire Clathach (uimhir rolla 11931)
- Suíomh:
- Doire Clochach Uachtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Firbisigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Clathach
- XML Leathanach 464
- XML “Madraí Ifrinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a tháinig sé ós a chómhair amach chonnaic sé gurb é abhí innte ná dhá madra agus iad an imtheact ar buille ar thóir na mná agus iad ag sceamhghail agus ag ollagón.
Seo chun siubhal airís é agus nior cuireadh isteach na amach air gur shrois sé an Pike. Bhí air casadh ó dheas annsan agus ní túigse san déanta aige ná gur airig sé an capall ag teacht ar cos in áirde anuas an cnoc cuige ón mbráid. Bhí iongnadh air aoinne a bheith amuigh cómh déanach san agus druid sé isteach fén bhfál cun leogaint dó imtheacht an bóthar.
Nuair a tháinig an capall ar a agaidh amach chonnaic sé go raibh Sagart ar a mhuin. Bheannuigh sé dhó acht má dhein stadadh do luathas an chapall go h-obann.
"Cad abheir amuigh cómh déanach san thú a dhuine arsan Sagart"
Gnó abí le déanamh agam i Ros Cairbre indiu arsan bhfear agus bhí an oidhce ann sul araibh san déanta agam.
Ar casadh bean ort arsan Sagart.
Casadh Muise arsan bhfear
Agus Con ar a tóir arsan Sagart. Go díreach ar seisean.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máighréad Ní Chárthaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom Inide Theas, Co. Chorcaí