Scoil: Duíbhlios
- Suíomh:
- Duílis, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh cáil ar dhaoinibh áirighthe sa ceanntar maidir le Filíocht 60 no 70 blíadhain o thoin. Dob iad na daoine ba mhó cáil ortha san ná Muinntir Barróid on Liosán agus Muinntir Donnabháin (Rúadh) ón- Duibhe Lios. Bí filí eile nach san, freisin, a chumhadh amhrán anois 's airís
Sean O'Briain on nDrom Inide. Tadhg O Muirthuille (na Sráide) on Droigheann na Spéág.
D'réir deallramh bhíodh comórtaisí eadtortha anois 's airis idtig tábhairne in Dromdálig - lá Saoire no lá aonaigh agus gasra ag eisteacht leo. Fear leisgeamhail do b'ead Donncadh O'Bríain d'réir deallramh. Máistir Scoile a beadh é agus Scoil Scairte aige. E pósta agus bean teasaidhe, cochallach aige mar mhnaoi. Máirín ab'ainm dí. Lá éigin do chaith sí a raibh de leabhraibh ag'e Sheán isteach san abhainn agus an leanbh ab óighe dhá raibh aige in éinfeacht leo. Nuair d'airig Donnchadh cad do bhí deanta aici rúaig sé as bhaile í agus siúd leí anall go Sasana. Tamall na dhíaidh san d'fhill sí agus do chúm Donnchadh an t-amhrán searbh a leanas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Duílis, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Drom Dhá Liag, Co. Chorcaí