Scoil: Urhan (C.) (uimhir rolla 12260)
- Suíomh:
- Iorthan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eimile Ní Urdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Urhan (C.)
- XML Leathanach 231
- XML “Cliamhain an Rí - Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)B'é deóinín Dé é go raibh muileann in aice na h-abhann agus do stop an muileann an bosca. Fuair an muilneóir é. Bhain sé an clúdach de agus cad do bheadh ann ach leanbh. Thóg sé an leanbh abhaile annsan chuige féin mar ní raibh éinne clainne aca féin agus do thug sé an leanbh dá mhnaoí le tógaint. Thug sí aire do'n leanbh le cion agus ceanamhlacht go dtí go raibh sé suas 'na buachaill maith.
Chualaidh an Rí annsan go raibh a leithéid ann arís agus do chuaidh sé go dtí é agus d'iarraidh sé do'n muilneóir an leigfeadh sé an garsún chuir le litir go dtí a thig féin le tabhairt dá inghéan. Dubhairt an muilneóir go leigfeadh.
Thug sé an litir do'n buacaill agus d'imthig sé d'iarraidh tigh an Rí a dhéanamh amach. Bhí sé ar siubhal i rith an lae go dtí go dtáinig an oidhche air. Chuaidh sé isteach sa choill chun fanamhaint ann go lá. Do chonnaic sé solus istigh sa choill. Dhein sé fé dhéin an tsoluis. Chuaidh sé isteach sa thig. Ní raibh aoinne sa tigh roimis ach sean-bhean agus d'iarr sé lóisdín uirthi.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Éalaighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86