Scoil: Béal an Chrobháin (uimhir rolla 11023)
- Suíomh:
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal an Chrobháin
- XML Leathanach 273
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghlaoídh sé acht ní fhuair sé aon fhreagra. D'fhan sé san áit in a raibh sé go dthí an maidean. Ar maidin do chonnaic sé a chómráidithe ar fad báidhte. Do tógadh aníos ar maidin íad agus do chuireadh íad in aice leis an áit gur bháthadh íad agus do baisteadh Teampoll a' Díthreóig ar an áit a chuireadh íad. Do tháinig stoirm annsan agus do briseadh an thártach gurb' ainm dí Píarla. Do comáineadh súas ar an tráig í on lá san tugadh Tráigh an Phíarla ar an áit.
Beagán blianta ó shoin leis do bhathadh beirt fhear ó Chathair-Caim. D'fhághadar tráigh na chathrach ar maidin le bád cheithre maide rámha acht ní raibh innti acht beirt fhear gurb' ainm dóibh Dómhnall Ó Súilleabhain agus Pádruig Ó Fionnachta. Do chúadar sios go Chíarraighe ag gearradh adhmaid i gcoill cun báid nuaidh a dhéanamh. Nuair a bhíodar ag teacht abhaile do bhí seól acha ar an mbhád agus do bhí an bád lán d'adhmad aca. Do tháinig an oidhche agus do gharbhuigh an fhairrge agus d'iompuígheadh an bád agus do chailleadh an beirt aca laisthúaidh de Phuinnte Chillcaitiarainn. Do thógadh an bád thíar i Gort an Fhathaigh agus do bhí an seól in achrann do'n chrann i gcómhnuidhe agus ó'n lá san go dthí indhiu níor fuaireadh aon túaraisc ar na fir.- Bailitheoir
- Áine Ní Úrdail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí