Scoil: Béal an Chrobháin (uimhir rolla 11023)
- Suíomh:
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal an Chrobháin
- XML Leathanach 295
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Tá roilig amháin i gCillecaitiarainn agus cuirtear daoine innti go dthí an lá indiu. Tá croth ceárnógach uirthi agus tá sean-fotrach le feiscint innti fós. Cuirtear daoine san fothrach leis agus tá an talamh go léir mór-thímcéall air leibhéalta. Níl crann ná tor ag fás innti acht tá sé go léir lom. Tá seana-cros déanta de cloich ilár na roilige agus tá sean-tumbha ann leis. Tá trí roilg i mBaile Caisleáin agus tá ceann aca díomhaoin le fada. Tá ceann eile ins na h-Aillighthe agus do bhí árthach cun uisge beannuigthe do choimeád, ann. Do thóg an sagart é agus an lá 'na dhíaidh sin do tógad cun na roilige arís é. Do thóg sé súas arís é agus do tógadh thar-nais é agus do cuireadh poll ann. Tá sé ann fós sa roilig ceadhna. Cuirtear leanbhaí gan baiste in áit ar a dtugtar an chílíneach. Cuirtear cuid des na daoine sa pharóiste i roilgí íasachta, cuir igcás, go raibh duine ó Cillecaitíarainn marbh agus go raibh athair nó máthair an duine sin curtha i mBaile Chaisleáin Béarra caithfí an duine sin do chur i mBaile Chaisleáin leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)