Scoil: Na Haodhraí (uimhir rolla 11021)
- Suíomh:
- Na hAoraí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Proinnsias Ó Hurdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Haodhraí
- XML Leathanach 306
- XML “Fir Láidre”
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear láidir in a chómhnuidhe ins an áit seo tímcheall 1718. Donnchadh láidir a tugtaí ar an bhfear seo. Ní raibh cloch ná aon rud ná d'féadach sé é do thóghaint ón dtalamh. Bhí fear eile ann leis acht ní raibh sé chómh láidir le Donnchadh. Tá cuid des na rudaí a thóg sé ón dtalamh ann fós. Tá cloch mór i gCaúliagh [?], agus deirtear gur thóg sé an cloch sin ón dtalamh gan aoinne eile ag cabhairú leis, agus cur chuir sé an cloch in áit eile ins páirc. Tá an cloch le feiscint ann indiú.
- Aimsir na GéirleanamhnaTamaill bheag ó Sgoil na h-aodharaí, tá carraigh mór 'na sheasamh istig i bpáirc. Deirtear gur'bh é sin an áit a dheiridís an Aifreann tímcheall na h-áite seo, le linn am na Dlíghe Peanníochta. Níl fhios agam cén ainm a tugtar ar an gcharraigh sin, acht tá cloch eile ins an áit chéadhna, agus "Cuigeann na mBean Sídhe" a tugtar air. Tá na chlocha seo istig i bhpáirc isé ainm an fir ná Seán Mac Chartaigh.