Scoil: An Chathair Gharbh (uimhir rolla 13896)
- Suíomh:
- An Chathair Gharbh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Criostóir Ó Dubhghaill

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0277, Leathanach 310
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cun an t-airgead d'fhághail an fhaid a biodar ag á mharbhúghadh do cúaidh bean in aice na tíghe cun léine a fir d'fhághail. Do bhí a fear ag dul go Corcaig le ím, agus bhí sé go hana mhoch ar maidin no déanach 'san oidhche agus d'airig sí an marnéalach ghá rádh. "Ó mo chuid fola." Do cúaidh sí go dtí an fhuineóg bheag agus chonnaic sí an márnéalach 'na luighe ar an úarlár agus na ráabs ag á mharbhúghadh. Do cúaidh sí abhaile agus d'innis sí a sgeal d'á fear agus dúbhairt sé dhí gan an sgéal d'innsint d'aoine beó no beadh deireadh léi. Tar éis cúpla mí d'eirig aorgaont idir duine d'es na "Raabs" agus an bhean agus do caith si in a agaidh gur mharibh sé an mhárnéalach. Tá go maith a Ingean Ó! ar seisean, beidh deire leat go lúath. Bhí sé de gnó aici, dul go dtí an cnoc agus cúpla ba do crúdha. Uair amháin do chas sí le duine de 'sna ráábs agus do mhairbh sé leis an búaircín a bhí aici, agus dfág sé ann í marbh. Do connaich fear éigin an gnó agus d'innis sé an sgeal do'n tsagairt. Do glaodh an sagart ar duine cun an sgeal d'éisteact mar ní raibh sé 'na cumas an sgeal do fuair sé i bhfFaoistín do rádh daoine beó
- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Fhoithir, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Ellen Murphy
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80