Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 265
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean caisil a ghlaodhtar ar an gcluiche seo. Beirt páistí imirigheann é. Tarraigeann siad cearnóg le chailc bháin ar an mbórd.
Tarraigeann siad líne síos suas agus líne eile treasna i dtreó go mbheidhís ag gábhail thar a chéile i lár na ceárnóige. Tarraigeann siad dhá líne eile ó chúinne go cúinne na ceárnóige. Bíonn siad so leis ag gábhail thar a chéile 'na lár. Bíonn ocht coda déanta do'n chearnóig. Annsan gheibheann páiste acu trí cnapaí bána agus an páiste eile trí cnapaí dúbha.
Bíonn siad 'á chur sios gach re dhuine ins na pínteacha go bhfuil na línteacha ag bualadh i gcoinnibh a chéile. An páiste is túisce a chuireann a chnapaí féin i líne díreach is aige sin a bhíonn an cluiche.- Bailitheoir
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Crualaoich
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí