Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An bóthar atá ag teacht anoir go Liath-Choill is ins an mbhliadhan 1898 a deineadh é.
Casán agus cómhngar a bhí ann roimis sin Deineadh bóthar Deire an Chairn san mbhliadhan 1891 Tá an dá bhothair ag bualadh i gcoinnibh a chéile ag Calaphort go nghlaodhtar Zetland Pier air. An t-Athair Mac Dómhnall a fuair airgead i gcóir cuid de bhóthar Liath-choilleach agus dhein muinntir an bhaile féin an cuid eile dhe. Bhí furmhór d'fhearaibh an pharóiste ag obair ar Bhóthar Dhoire an Charn mar déirc do b'eadh é. Bhíodh cailíní leis ag obair air ag tarach scailpeacha nó asair. Ní dheineadh cuid de's na fearaibh a bhí ag obair ar an mbóthar acht a n-ainimneacha a fhreagairt ar mhaidin agus annsan filleadh abhaile chun a ghnó féin a dhéanamh. Bhí fear amháin 'na chómhnaidhe i Liath-choill darbh ainm dó Seán Ua Cruadhlaoich. Bhí ainim airgid air agus dá bhrí sin ní bhfuair sé aon obair ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Chruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Cruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí