Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gach blían. Seo mar a thugann siad an turas. Ar dtúis deireann siad an Choróinn Mhuire ag béal an tobair. Annsan piocann siad súas deich chlocha bheaga agus téigheann siad tímcheall an tobair deich n-úaire, agus gach úair leigeann siad síos cloch bheag le h-ais an tobair. An fhaid a bhíonn siad ag déanamh an turas deireann siad an phaidir cúig úaire. Nuair a bhíonn siad ag dul abhaile deireann siad an Choróinn Mhuire arís agus fághann siad píosa dá n-éadaighe nó rud éígin le h-ais an tobair mar mharc. Lá ana spóirteamhail ab'eadh an lá san fadó, bhídís ag rínnce agus ag seinim ceóil agus ag ól uisce bheatha. Sé Naomh Cuimhnleán a bheannuig an loch i nDoire an Chairn. Loch ana naomhtha seadh é leis.Cáít Ní Mhathghamhna
Cúilíarthach- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ua Mathghamhna
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí