Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an loch agus deireann siad an Chóroin Mhuire ar bhruach an locha. Nuair a bíonn siad chun dul abhaile deineann siad trí cruisín beaga le geatairí agus cuireann siad ag snámh ar an loch iad.
Muna mbheadh an duine gur cuireadh an trus air ábalta dul go dthí ... tugtar uisge na locha abhaile cuige. Tugtar trus ar Loch Dheirelocha ar an gcuma ceadhna le Loch Deire an Chairn. Tá tobair beannuithe eile i dTráth-Fraisce i dtalamh Mhichíl Pádruig Uí Shúilleabháin. Tá tobair beannuithe i gCaolchil tobair Muire a ghlaodhtar air.
Is ar an cúigiú lá déág de mhí Lúghnasa a théightar ag tabhairt truis ar an dtobair so. Téigheadh mórán daoine go dthí an tobair so fadó agus bhidís ann thar oidhche. Bhíodh daoine eile ann ag díol óráistí, brioscaí agus ag déanamh té. Aon uair amháin thógadar uisce an tobair beannuithe seo chun té a dheanamh leis. Ní bheireodhach an t-uisce in aonchor dóibh agus caitheadar é chaitheamh uatha.- Bailitheoir
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Cruadhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí